An Mhaighdean Mhara

Is cosúil gur mheath tú nó gur thréig tú an greann

Tá an sneachta go frasach fá bhéal na trá

Do chúl buí daite is do bhéílín sámh

Siúd chugaibh Mary hÉighnigh is í i ndiaidh an Éirne a shnámh.

A mháithrín mhilisdúirt Máire bhán

Fá bhruach an chladaigh is fá bhéal na trá

Maighdean mhara mo mháithrín ard

Siúd chugaibh Mary hÉighnigh is í i ndiaidh an Éirne a shnámh.

Tá mise tuirseach agus beidh go lá

Mo Mháire bhruinngheal is mo Phádraig bán

Ar bharr na dtonnta is fá bhéal na trá

Siúd chugaibh Mary hÉighnigh is í i ndiaidh an Éirne a shnámh.

Tá an oíche seo dorcha is tá an ghaoth i ndrochaird

Tá an tseisreach ’na seasamh isna spéarthaí go hard

Ach ar bharr na dtonnta is fá bhéal na trá

Siúd chugaibh Mary hÉighnigh is í i ndiaidh an Éirne a shnámh.

—amhrán traidisiúnta Gaeilge

Загрузка...