AN PAIDRÍN





I gcuimhne ar Cyril Ó Céirín


Ar nós cheoil na farraige

Tagtha sa bhfoscadh

Ar an teallach


Ag brionglóidí uirthi féin,

An bhrionglóid chéanna

Ó i bhfad i gcéin


Ag snámh go séimh

Idir thrá agus tuile

Na Sé do bheatha, a Mhuire.

Загрузка...